Do shiúlas tríd an gcoill,
ag éisteacht le ceol binn na n-éan,
an ghaoth shéimh ag siosarnach trí na duilleoga,
do shiúlas níos doimhne tríd an gcoill,
mar tá sí do mo mhealladh.
na duilleoga ag damhsa ar an talamh thíos fúm,
siúlaim níos doimhne arís,
tá loinnir na gréine le feiceáil trí na craobhacha,
lasann sí mo ghnúis agus mothaím soar,
agus mé ag sú isteach an tsíocháin ’s an tséimhe,
ritheann sé liom go bhfuil loinnir i ngach duine,
loinnir a lonraíonn ar nós na gréine trí na craobhacha.