Tá soilse na Nollag á lasadh anocht
ach nílid ag lonradh i ngach cúinne
feicimid iad maidin is oíche
mná ’s páistí, fir óga, seandaoine
iad tréigthe, gan dídean, buairt ar a n-éadain
gan cosaint ón bhfuacht nó gach focal géar
nó níos measa arís na sróna daite san aer
an í seo Éire, is ea faraor  

Bhíomar i ngéibheann anois táimid saor?  

Abair leo siúd é más fíor é an scéal
’s muide na warders sa phríosún faoin spéir