Físiriseoir, tuairisceoir, tráchtaire, vlagálaí, agus céimí de chuid DCU freisin, bíonn mórán idir lámha ag Caoimhe Ní Chathail ó lá go lá. Insíonn Caoimhe a scéal go dtí seo dúinn agus míníonn sí cén fáth a bhfuil an oiread sin spéise aici in earnáil na meán cumarsáide.

Fuair mise pointí arda i m’Ardteist. D’oibrigh mé go crua agus d’éirigh go maith liom.

Dá bharr sin, chuirtí an cheist orm go mion minic, “Cad chuige an dtabharfá faoin iriseoireacht? Cad chuige nach mbeifeá i do dhochtúir le torthaí mar sin?”

“Mar gheall,” a dúirt mé, “nach bhfuil suim ar bith agam a bheith i mo dhochtúir. Ba mhaith liomsa a bheith i m’iriseoir agus sin é.”

Caithfidh mé a admháil gur chuir sé frustrachas orm nár thuig daoine go raibh mé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh a mbeadh dúil agam ann, agus ní rud mar gheall go raibh mé i ndiaidh torthaí maithe a fháil.

Bhí gairm sna meáin uaim ó bhí mé beag. Bhí dúil agam i gcónaí i ndaoine, in insint scéalta, i gcur i láthair agus thiocfadh leat a rá go raibh mé rud beag fiosrach…

Faoi láthair, is físiriseoir mé leis an suíomh nuachta meoneile.ie i mBéal Feirste agus is tuairisceoir mé le Nuacht RTÉ agus TG4 i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Ach ní sin amháin atá idir lámha agam.

Is iontach an rud é éagsúlacht na meán agus is rud é a bhí tarraingteach dom i gcónaí. Nach méanar dom go bhfuil an oiread deiseanna os mo chomhair? Nach iontach é nach gcaithim mo lá os comhair ríomhaire in oifig (ach amháin nuair atá eagarthóireacht le déanamh agam…) ach go mbím amuigh ag bualadh le daoine agus ag insint na scéalta s’acu? Nach bhfuil an t-ádh orm go dtig liom a bheith cruthaitheach agus féith na fiosrachta a chur ag obair?

Tá an oiread sin ar siúl agam. Bím le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta, is físbhlagalaí mé le BBC Gaeilge, tá clár ceoil agus cainte agam ar Raidió Fáilte agus tá neart eile ag tarlú i rith an ama. Níl aon lá cosúil leis an chéad cheann eile.

Sin a bhí uaim nuair a phioc mé an cúrsa ‘Gaeilge agus Iriseoireacht’ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

I rith na dtrí bliana a chaith mé i DCU, bhain mé sult go háirithe as na ranganna praiticiúla a bhí agam. Bhí réimse leathan ábhar mar chuid den chúrsa agus mhothaigh mé gur céim fhiúntach a bhí ann.

D’fhág mé an ollscoil agus mhothaigh mé go raibh mé réidh don domhan mór. Sin mar gheall ar chaighdeán an chúrsa agus ar na deiseanna sa bhreis a thapaigh mé. Achan rud ó MPS, go DCUfm, go dtí an Cumann Gaelach, go cláir ar Raidió na Life agus cainéil YouTube. Chinn mé triail a bhaint as achan rud agus is cinnte gur chuidigh sé uilig liom poist a fháil.

D’oibrigh mé go crua ar an ollscoil, ag fáil an oiread taithí agus a thiocfadh liom a fháil. Ach nuair atá dúil agat i rud, oibreoidh tú go crua. B’shin a spreag mé agus sin a spreagann go fóill mé.

Caoimhe i mbun taifeadta

Is cinnte nach bhfuil achan lá sna meáin ar dóigh. Bíonn drochlaethanta ann, bíonn uaireanta nach n-oibríonn scéalta amach, bíonn laethanta nach dtig fiú smaoineamh ar scéal nó ar ábhar spéisiúil! Sin mar a bhíonn in achan ghné den saol is dócha.

Den chuid is mó, áfach, bainim sult agus tairbhe as an saol sna meáin, na meáin Ghaeilge go háirithe.

Tá pobal na Gaeilge ar dóigh, b’fhéidir go dtiocfadh a rá go bhfuil mé claonta ach tá rud éigin speisialta faoin phobal seo. Tá sé mar phribhléid domsa a bheith ag obair i measc an phobail sin achan lá.

Nuair a bhog mé go Béal Feirste bhí a fhios agam go raibh rudaí iontacha ag tarlú maidir le hathbheochan na Gaeilge. Ach níor thuig mé i ndáiríre cé chomh bríomhar agus a bhí an pobal sin go dtí go raibh mé i mo chónaí ina measc.

Tá beocht, fuinneamh agus díograis spreagúil i measc mhuintir na Gaeilge ó thuaidh. Is streachailt mhór í dul chun cinn na Gaeilge ó thuaidh leis an oiread bac atá ann, ach is troid í go bhfuil Gaeilgeoirí an Tuaiscirt breá cleachtaithe léi.

Bím spreagtha achan lá ag obair ina measc agus tá an t-ádh orm a bheith in ann na scéalta s’acu a insint, na feachtais s’acu a phoibliú agus bualadh le cuid de na daoine is iontaí ar domhan.

Bhí a fhios agam gur saol sna meáin Ghaeilge a bhí uaim agus mé i mbun na hArdteiste agus tá lúcháir orm gur thuig mé sin ón tús. Sna meáin bíonn an post deacair, strusmhar, lán brú ach bíonn sé éagsúil, bríomhar, spreagúil, corraitheach fosta…

Cá bhfios caidé atá os mo chomhair sna meáin Ghaeilge ach tá mé ag súil leis ar fad!