Is deas liom go mór fáiltiú roimh eagrán 2018 d’iris Ghaeilge na mac léinn, Scáthán. Cúis bhróid do phobal na hOllscoile uilig go bhfuil a leithéid ann agus go gcuireann na mic léinn féin an oiread sin spéise ann. Bhí baill foirne as Fiontar & Scoil na Gaeilge ar an Choiste Eagarthóireachta arís i mbliana agus chuaigh idir mhic léinn agus bhaill foirne i mbun pinn le scéalta, dánta agus ailt a scríobh don iris. Taithí an-luachmhar atá ann bheith rannpháirteach san obair sin de bhrí nach bhfuil a sárú ar fáil mar oiliúint ar cheird na scríbhneoireachta agus ar ghnó an fhoilsithe—dhá réimse a bhfuil mic léinn Fiontar & Scoil na Gaeilge, go háirithe, breá cleachtach orthu.

Ó bunaíodh Fiontar & Scoil na Gaeilge ar theacht i bhfeidhm don Ionchorprú beagnach dhá bhliain ó shin i mí Mheán Fómhair 2016, tá an t-uafás athruithe tar éis tarlú. Tá an Scoil lonnaithe i gceart-lár Theach na Sinsear ar Champas na Naomh Uile agus bímid ag feidhmiú go gníomhach ar an champas sin agus ar Champas Phádraig. Bíonn léachtaí, seimineáir, seisiúin taighde, ócáidí Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha eile ar siúl faoinár stiúir agus bíonn comhoibriú iontach ar siúl againn lenár gcomhghleacaithe eile san Ollscoil, e.g. an Institiúid Oideachais agus Oifig na Gaeilge. Is minic a iarrtar ar mhic léinn dár gcuid agus ar fhoireann na Scoile páirt a ghlacadh in imeachtaí ar fud na hOllscoile. Bímid ag tacú le hócáidí ceiliúrtha de gach cineál—Anam an ceann is déanaí—imeacht a raibh lámh fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge le brath go láidir air, agus tá na nascanna le Scoileanna eile—Scoil na Diagachta, na Fealsúnachta agus an Cheoil, mar shampla—ag dul ó neart go neart, dá bhrí sin.

Léiriú follasach ar an chomhghuaillíocht sin ar fad is ea Scáthán, dar liom. Is ar leathanaigh na hirise fad-bhunaithe seo a fheicfear scoth na scríbhneoireachta agus na tuairimíochta as Gaeilge atá i ndiaidh teacht as cleite na scríbhneoirí atá anseo. Ba mhaith liom féin buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine ar fad atá tar éis plé le heagrú agus le foilsiú na hirise i mbliana: Caoimhe Nic Lochlainn agus Caitríona Ní Chléirchín, agus Scríbhneoir Cónaithe na hOllscoile, Dairena Ní Chinnéide, atá tar éis treoir chiúin, stuama a chur ar fáil ar feadh na slí dóibh siúd a raibh baint ar bith acu le heagrán 2018 a phleanáil, a ullmhú agus a réiteach don chló. Mar a dúirt mé anuraidh, feicfidh duine ar bith a amharcfaidh ar an iris seo go bhfuil saol na mac léinn in DCU chomh bisiúil, éagsúil, suimiúil, spreagúil agus a bhí riamh agus go bhfuil glúin óg inár measc atá sásta lóchrann na Gaeilge a iompar ar aghaidh go muiníneach. Ba mhaith liom saothar agus paisean an choiste eagarthóireachta agus na scríbhneoirí go léir—idir fhoireann agus mhic léinn—a thréaslú leo agus guím gach rath ar an iris i mbliana. Go maire sibh uilig bhur saothar!