Póit ar bheagnach 10,000 Gaelgeoir inniu tar éis seachtain fhada fhiúntach ag Oireachtas na Samhna. Aistear fada a bhí á dhéanamh ag muintir na Gaeilge inné agus iad ag filleadh abhaile ó Chill Airne. N’fheadar an drochrud nó beannacht é nach dtarlaíonn an ócáid seo ach uair sa bhliain.

Is é Oireachtas na Samhna buaicphointe na bliana do mhuintir na Gaeilge agus iad uilig bailithe le chéile chun céiliúradh a dhéanamh ar ghréasán na nGael. Bíonn idir óg agus aosta ann ag glacadh páirte sna comórtais agus sa chóisir.

Bhí cúig lá lán le himeachtaí ar siúl i mbliana. Seoladh an tOireachtas go hoifigiúil tráthnóna Dé Céadaoin agus ó shin bhí gach saghas imeachtar siúl idir Ghradaim Chumarsáide, Chomórtais Liteartha, Sheoladh Leabhair, Dhamhsa ar an tSean-nós agus amhránaíocht. In Ostán Brehon, Ostán Gleneagle agus san INEC a bhí an chuid is mó de na himeachtaí.

Ó mhaidin go hoíche bhí buzz den scoth ann. Agus imeachtaí na maidine ag tosú bhí imeachtaí na hoíche ag críochnú suas. Maratón a bhí ann le fírinne agus má tá tú ag iarraidh bheith beo go dtí an Domhnach bíonn ort luas a shocrú.

Is rud ait é an Béarla a chloisteáil ann agus na Gaeil ina dtromlach ann. Idir seomra teaghlaigh, club na féile, aonad an Oireachtais, lúibíní, agallaimh beirte, cláir RnaG, ceardlanna éagsúla agus taispeántais de gach saghas tá rud éigin ar fáil do gach uile dhuine ann.

In 1897, cuireadh tús leis an chéad Oireachtas riamh. Féile leathlae i mBaile Átha Cliath a bhí ann ag an am. Míle duine a bhí i láthair aige. Ní raibh ach naoi gcomórtais ar chlár na féile an bhliain sin. Ó shin tá fás agus forbairt mhór mhillteach tagtha air. I mbliana féile cúig lá a bhí i gceist le os cionn 10,000 duine ag freastal air idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus na meáin ó chuile chearn den tír. Bhí 41 comórtas éagsúla mar chuid de, idir cheol, rince, scéalaíocht, lúibíní agus agallaimh beirte.

Bíonn Corn Uí Riada ar cheann de bhuaicphointí na féile agus i mbliana ba é Conchubhar Ó Luasa ó Chorcaigh buaiteoir an chomórtais sin. Bhí seoladh Bliain na Gaeilge ar siúl ag Conradh na Gaeilge Dé Sathairn freisin. Chomh maith leis sin, seoladh neart foilseachán nua ann, an leabhar ‘Súil Eile’ le Seán Tadhg Ó Gairbhí ina measc.

Seachas na comórtais is é an comhluadar, an chraic agus an cairdeas croí na féile. Níl duine ann nach mbuaileann le ar a laghad cúpla cara nua ann, gan trácht ar na seanchairde a gcasann tú leo ann. Bíonn seans agat aithne súl a chur ar na ‘daoine sin’ ó Twitter a bhíonn tú ag leanúint, agus ar na réaltaí móra ó Ros na Rún.

Bíonn na meáin Ghaeilge uilig ann chun craoltóireacht a dhéanamh ar an ocáid. Bhí cláir den scoth á gcraoladh ag Raidió na Gaeltachta ann idir Bhricfeasta le Blathnaid, agus seó Rónáin Mhic Aodha Bhuí agus Saol Ó Theas. Bíonn bua an cheoil agus na tallainne ar fáil ann. Bíonn TG4, RTÉ, BBC Gaeilge agus Raidió na Life ann chun chraoladh beo a dhéanamh ar na hócáidí chun an ocáid a scaipeadh i measc mhuintir na Gaeilge ar fud an domhain nach bhfuil in ann freastal ar an ocáid iad féin.

Agus an fhéile bhliantúil ag dul ó neart go neart bíonn Oíche na Mac léinn ar siúl mar chuid de anois. Deis do na Cumainn Ghaelacha uilig teacht le chéile le haghaidh sár-chóisir Dé hAoine. Is beag duine a bhíonn beo le haghaidh Steip maidin Dé Sathairn agus iad marbh sa leaba sna brúnna. Ach is cuma faoin bpóit, bíonn siad réidh le tosú arís oíche Sathairn agus an oíche is mó den tseachtain ar siúl sa chlub.

Cloistear i gcónaí gurb iad oícheanta na nGael na hoícheanta is fearr agus is fíor é gan dabht. Ag caint seafóid agus ag ceol is ag rince, ní haon ionadh nach mbíonn glór fágtha ag tromlach an tslua faoin Domhnach. Pop-Up Gaeltacht ar feadh seachtaine a bhíonn ann.

An t-aon drochrud faoin Oireachtas ná an Luan ina dhiaidh. Come-down uafásach a bhíonn i gceist. Tú tuirseach traochta, tinn sa leaba ag smaoineamh siar ar rógaireacht na seachtaine agus ag cur tús leis an gcomhaireamh síos go dtí an chéad Oireachtas eile. Ach corr-uair is fiú an phóit agus is fíor é maidir leis an Oireachtas. I gceann cúpla lá (nó seachtain) agus tú ar ais ar do sheanléim arís beidh na cuimhní áille agat fós agus an oiread sin cairde nua déanta agat gur fiú é. Go dtí an chéad Oireachtas eile, go n-éirí libh!