in ómós d’Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn
Scoil Cheoil an Earraigh 2018
Léim thar lios an anama
cruinn díreach go cuisle an cheoil
crosaire ár gcinniúna
scoite ar imeall an domhain
mar a éiríonn gothaí na dtonn
ar dhroim faille
siúd a mhaireann Duibhnigh
ginealaigh greanta sa chré
dúchas na daonnachta
seineann siotaí gaoithe poirt
ar shleasaibh sléibhe
ceol sa chaint
gol leis an ngoltraí
gáir leis an ngeantraí
séimh leis an suantraí
guthanna ársa
tráthnóintí uaigneacha
mar a bheadh púcaí ár sinsear
glúin óg úr álainn
ag cur snas ar a gcroíthe
le cuisle ceirde
fáiltítear roimis an gcuairteoir
meallann gach corr bóthair radharc
a bhainfeadh anáil asat
sinne pobal na cruinne
ár dteanga níos binne
ná an stoirm
gan filíocht ón bhfón póca
gan gátar le googleáil
gan ardán sóisialta ach stáitse
dár nguth imeallach
ag ragairne ainneoin aimsire
ag spraoi is ag athshealbhú, mar a bheadh scoil cheoil.