Ná téigh i bhfolach ar do bhrón
sílim gur leatsa í
nuair a laghdaíonn laparnach na dtonn
’s éiríonn ceol na gaoithe sollúnta
tagann sí.  

Gan focal a rá
suíonn sí síos
a ceann ag luí go trom ar do ghualainn
’s í ag muirniú do choirp mheirtnigh
téigh ag goill má tá faoiseamh uait.  

Tá seanaithne agam uirthi
is bán mo shúl í
ag cogaint na círe i ndorchadas na hoíche
gan cairde ar bith seachas an dríodar os mo chomhair
iarrann sí orm, ’s glacaim léi gan stró.  

Fan léi ar feadh scaithimh
téigh ar staidéar sa suaimhneas binn
cuir séideog ar a méara
’s roinn bhur gcuimhní cinn
ní gá duit fulaingt.  

Ní gá duit fanacht go deo léi
ní bheifeá beo ansin
ná bac lena stánadh folamh ’s tú ag fágáil
níl againn ach ár ndóchas, níl aici ach d’anró,
ní bheidh tú i bhfad uaithi riamh.