An bhfaca tú riamh a leithéid d’fhear
agus cé ’tá roghnaithe aige ach mé féin
fear chomh hard le cnoc agus bhogfadh sé iad domsa
m’fhathach caoin foighneach féin  

Tugtar bláthanna áille do na cailíní eile
iad daite difriúil go léir
ach básóidh siad níos tapúla ná an rud buan agamsa
ó m’fhathach féin a sheasann ard sa spéir  

Gléasann na mná suas le héadaí is seoda
um Nollaig a fuair siad iad ar fad
ach faighim bronntanas níos fearr gach uile lá sa bhliain
ó m’fhathach caoin foighneach gan stad  

Mo chócaire pizza, mo chearpantóir tréitheach
mo phluiméir agus níodóir na soithí
a éisteann le m’fhaitíos agus a choimeádann mé slán
m’fhathach láidir ciúin le mo thaobh i gcónaí  

Don duine a neartaíonn mé i m’fhathach féin
cad a thabharfainn duit, mo stóirín ceansa-chroí
taobh thiar d’fhear maith bíonn bean den scoth ag cabhrú leis
ach dom féin is é a mhalairt atá fíor  

Thabharfainn duit mo ghrá, mo chroí go hiomlán
cuimhneoidh mé ar m’ádh is mo bhronntanas gach nóiméad
agus seasfaidh mé le do thaobh gach uile lá
le m’fhathach caoin foighneach féin.