Sheas mé ar bharr an bháid fharrantóireachta an fhad is gur líon mo scamhóga le haer úr na farraige. Cé go raibh an oíche ba mheasa de mo shaol agam, bhraith mé saoirse i mo cholainn nár bhraith mé le blianta. Tharraing mé Cillian, níba ghaire dom, ag tabhairt póigín dá chloigeann beag maol a bhí suite go contúirteach díreach faoi mo smig agus a bhí chun m’fhiacail a chur tríd mo theanga dá mba rud é nach raibh mé cúramach. Bhí an cinneadh ceart á dhéanamh agam dom féin agus do mo mhac. An t-aon chinneadh ceart a bhí déanta agam ó d’fhág mé an scoil agus mé sé bliana déag d’aois.

Ó bhí mé óg, bhí mé i gcónaí ag éalú. Ní raibh mórán de rogha agam i ndáiríre. D’fhás mé aníos in árasáin i lár thuiscirt Bhaile Átha Cliath le máthair shingil a d’fhág an taobh eile den leaba i gcónaí do mhangaire i ndiaidh mangaire sa tóir ar ghrá, cúnamh airgeadais, cosaint, cá bhfios? Pé rud a bhí uaithi, áfach, níor tharraing sí tada uirthi féin ach crá croí, fiacha agus andúileacht rainní agus alcóil…

Ní cás eisceachtúil a bhí ionam i mo cheantar; bhí formhór againn sa bhád céanna. Ba ghnáth liom éide scoile caite a chaitheamh a sholáthar an scoil dom mar go gcaithfeadh mo mháthair na híocaíochtaí sochair leanaí thíos sa teach tábhairne nó ar dhóthain málaí leis an deatach a choinneáil léi ar feadh míosa. Ba ghnáth liom freisin a bheith ag dul amach chuig na múinteoirí tacaíochta foghlama mar nach gcabhródh aon duine liom le m’obair bhaile. Níor piocadh orm ar scoil riamh, áfach. Scoil áitiúil gharbh a bhí inti agus mar sin ní raibh aon duine againn níos fearr ná a chéile… Scata páistí a rugadh do na tuismitheoirí mí-chearta ag an am mí-cheart san áit mhí-cheart. B’in an méid a bhí ionainn.

Chaith mé mo chuid ama ag dul ón mbaile go dtí an scoil go dtí an pháirc spraoi áitiúil ar feadh na mblianta ag dul ar aghaidh agus do m’iompar féin mar a dhéanann páistí de chuid mo dhream-sa. Sílim gur eascair formhór de na fadhbanna iompair a bhí againn as éad agus easpa grá. Cinnte, dúirt mo mháthair liom go raibh grá aici dom tar éis buidéal fíona a chaitheamh siar nó tar éis tús a chur lena tríú toitín ach thuig mé thíos in íochtar mo chroí nach raibh ionam ach ‘botún’ a tháinig chun cinn agus í ag pleidhcíocht le buachaill nach bhfuil cuimhne aici a thuilleadh air agus í sna déaga í féin.

D’athraigh mo shaol go drámatúil nuair a casadh Phillip orm sa mheánscoil. Bhí sé dathúil go leor agus chuirfeadh sé ag gáire mé le linn na ranganna. Ní raibh mé ceannúil ar an scoil riamh ach nuair a bhí Phillip i mo theannta ag spochadh as agus ag déanamh aithrise ar na múinteoirí i gcogar mo chluaise cé nár thuig ceachtar againn tada dá raibh ag dul ar aghaidh sna ceachtanna, bhí áthas orm. Bhí fíoráthas orm. Bheadh féileacáin ag eitilt i mo bholg agus bheadh mo leicne tinn de bharr na hiarrachta a bheadh á déanamh agam mo gháire pléascach a smachtú. Don chéad uair riamh, bhraith mé go raibh cúis le mo shaol, go raibh maitheas éicínt ag baint liom…