Saolaítear muid…
gan focal
gan greille tuisceana…
mar a bheadh pár úrghlan.  

Bainimid triail as siollaí fuaime, abairtí ag fás go dtí go mbíonn cur síos á dhéanamh
againn ar an saol trína bhfuilimid ag gluaiseacht… agus inár n-aigne scríobhann daoine,
áiteacha, eispéiris, ár scéalta pearsanta féin: beathaisnéis—ar an bpár seo.  

Ón bhfocal fánach fásann tuairiscí,
tarraingítear íomhánna,
eagraítear pictiúirí agus cuimhní cinn…  

Tá ár gcuimhní préamhaithe sa méid atá imithe
is ceangal iad lenár ndúchas.  

Gan tuiscint ar an méid a bhí, is gliogar gan chiall an méid atá ann
agus ní féidir linn tabhairt faoin méid atá ag teacht.  

Bheimis gan focal
gan greille tuisceana…
mar a bheadh pár úrghlan.  

Duibheagán gan chríoch
saol lán de dheiseanna gan chuimse…  

i bhfocail atá intuigthe,
le teorainn céille
scéal iomlán ar phár inléite.