Is mé óg, léimeas isteach i mbaclainn an leasa. Lios na leabhar. Leabhair mo shúile is mo thuiscint. D’éistíos le glór na habhann agus in áit an bhric, bhí sruthán i dtreo droichead na scríbhneoireachta. D’oscail an léitheoireacht agus na haistí scoile, cruthaitheacht na bhfocal ionam. Bliain na hArdteiste ní raibh cnámh ionam nár theastaigh uaithi dul amach sa tsaol.

Teilgeadh lá i 1986 mé go leabharlann champas Ghlas Naíon i DCU don ‘orientation’ ar an gcéad lá. Bhí leabhar dar teideal The World According to Garp le John Irving agamsa im láimh fé mar a tharla sé agus faoina spící poncacha dubh-chorcra, dhein an cailín eile trasna uaim gáire, is d’ardaigh sí cóip de Zen & the Art of Motorcycle Maintenance le Robert M. Pirsig im threo. Bhíos i measc cairde. Bhí intleachtaí géara ag gach uile dhuine sa rang sin.

Is ar éigean a bhíos seacht mbliana déag ag tosnú ag déanamh staidéir ar Léann na Cumarsáide i DCU i bhfad siar agus bhí mo chéim agam nuair a bhíos naoi mbliana déag. Tar éis don tráchtas bheith curtha isteach agam, thosnaíos im chéad phost: Oifigeach Caidrimh Poiblí le Slógadh & Gael-Linn. B’iontach an rud é. B’iontach an dream a bhí mar chomrádaithe oibre agam. Bhíos tar éis suim a chur san iriseoireacht. Thosnaíos ag obair sa pháipéar nuachta Gaolainne ANOIS nuair a bhíos fós im mhac léinn. Ba é DCU a mhol an taithí oibre mar chuid de riachtanais na céime. Bhíos ag foghlaim is bhíos ag scríobh as Gaolainn! Ní raibh mórán Gaolainne le brath i DCU le linn mo thréimhse ann. Tá sé go hiontach go bhfuil borradh tagtha ar an nGaolainn anseo anois. Tógann sé pobal toilteanach. Ní dóigh liom go raibh post dár dheineas riamh nach raibh baint ag an nGaolainn leis.

Thosnaíos mar iriseoir nuachta i gCiarraí le Radio Kerry bliain ina dhiaidh sin is ansan thógas baoth-léim go dtí an chéad stáisiún raidió náisiúnta neamhspleách oifigiúil in Éirinn—Century Radio i mBaile Átha Cliath, tar éis cuireadh agus agallamh leis an gceannasaí nuachta géarchúiseach, David Davin Power. ’Sé an t-iriseoir clúiteach Paddy Clancy a chuir smacht orm is a mhúin oiread sin dom maidir le hiriseoireacht agus le cúrsaí iriseoireachta raidió ach go háirithe. Bhíos ann gur léigh mé an nuacht dheireanach ar an stáisiún, a dhún go tobann is a d’fhág an fhoireann amuigh gan post. As san go dtí an ‘dole queue’ i lár na cathrach go dtí ar deireadh go bhfuaireas smutacha do phostanna iriseoireachta leis an Irish Times agus RTÉ agus Raidió na Gaeltachta.

Mhúin mo thréimhse im mhac léinn dom i DCU conas mé fhéin a chur in iúl. M’intinn a chur ag obair. An sásamh agus an dua a bhaineann le taighde, aistí, scrúduithe agus cur i gcrích tionscnamh praiticiúil. Tá rian an léinn sin fós im cheann. Teangeolaíocht, Sochtheangeolaíocht, Síceolaíocht, Staidéar na Meán Cumarsáide, Cumarsáid Idirnáisiúnta agus an ceann ba dheacra is ba dhúshlánaí, Teoiric na Cumarsáide. B’iad na blianta ba luachmhaire agus ba thaitneamhaí a bhí riamh agam is dóigh liom.

Cloithear, Corca Dhuibhne

Ach thosnaíos ag léamh ag an am sin mar ba ghnách liom—leabhair nach raibh baint dá laghad acu leis an staidéar oifigiúil. Bhí an scríbhneoir inmheánach ag siúl na sráideanna go dtí na siopaí leabhar agus ag ceannach leabhar dara láimhe ar fhilíocht agus fealsúnacht na Fraince agus litríocht idirnáisiúnta i gcoitinne. Bhláthaigh an neamhspleáchas intleachtúil ionam sna blianta sin agus d’fhan an fhéith neamhspleách sin ionam riamh. Cé a chreidfeadh go mbeinn thar nais mar chuid d’fhoireann na hollscoile breis agus tríocha bliain ina dhiaidh? An bus céanna, ach toirt na hollscoile méadaithe chomh mór san nach raibh aithne agam uirthi. Táim anso mar Scríbhneoir Cónaithe Gaolainne go deireadh na bliana acadúla.

Cá luíonn an chruthaitheacht ionainn inniu san ollscoil agus sa saol mór? An é go bhfuil oiread sin béime ar mharcanna agus scrúduithe nach bhfuilimid ag tógaint sos ón saol lenar méirchláranna, ár bhfónanna póca is an sciath is láidre ar fad—peann agus páipéar—chun sinn féin a chur in iúl. Chun bheith go hiomlán istigh linn féin agus i láthair? Sín amach d’aigne i gcúinne chiúin lá éigin agus breac síos do smaointe. Tá fuascailt ag baint leis an ngníomh cruthaitheach. Sinn fhéin a chur in iúl ar bhealach éagsúil ag iomrascáil le focail. Ag insint scéil. Ní bheidh a fhios agat cén chríoch a bheidh air, ach sin cuid den áthas. Aimsigh do ghuth. Tógann sé sin misneach agus tamall fada, ach cá bhfios cá dtabharfaidh sé tú má dheineann tú forbairt ar do ghuth sainiúil féin. Má tá lá dorcha agat agus go bhfuil scamall ar do mheon, tóg amach an peann, scríobh síos do phian, nó d’áthas agus dein taifead i bhfocail ar cad atá ar siúl istigh is mórthimpeall ort má thugann sin faoiseamh dhuit. Ag athshealbhú do chuid cruthaitheachta.

Táim anso mar go bhfuilim paiseanta mar gheall ar bheith ag scríobh. Má tá fonn ort teacht orm san ollscoil, tar agus déanfaidh mé iarracht am agus comhairle, cluas agus súil a chaitheamh ar do chuid scríbhneoireachta. Muna bhfuil faic scríte agat fós ach go bhfuilir fiosrach—bain amach mé. Déanfaidh mé mo dhícheall cabhrú leat. Más mian leat páirt a ghlacadh i bpobal beag scríbhneoireachta sa choláiste—bheinn níos mó ná sásta ceardlann oscailte sa scríbhneoireacht chruthaitheach Gaolainne a reáchtáil ar bhonn seachtainiúil ag brath ar éileamh uaitse. Fáilteofar roimis gach saghas scríbhneoireachta atá cruthaitheach—filíocht, prós, splancfhicsean srl.

Seol tú féin thar tairseach. Samhlaigh agus scríobh. Léigh agus b’fhéidir go dtiocfaidh an bhé. Chaitheas na blianta ina dhiaidh sin ag déanamh rudaí cosúil le léiritheoireacht teilifíse, ateangaireacht agus aistriúchán. Ach ní shásódh aon ghairm eile mo mhian chun dul ag scríobh. Bhí an lámh in uachtar ag an bpeann i ndeireadh an lae agus tugann sé sin áthas dom. 2018 agus táim ag iarraidh síolta na cruthaitheachta a scaipeadh trí chonair na filíochta is an scríbhneoireacht Ghaolainne agus mé thar nais arís, ar feadh tréimhse, i DCU. Táim chomh buíoch, tá mo bhreac ar an bport.

Bí i dteagmháil: dairena.nichinneide@dcu.ie