Bhí me díreach críochnaithe mo bhabhta leathdheireanach scrúduithe i mí Eanáir agus mé i mbliain na céime nuair a d’oscail mé ríomhphost ó mo léachtóir Fiontraíochta & Forbairt Gnó, an Dr Emer Ní Bhrádaigh. Bhí orm iarratas a líonadh isteach agus mé féin a chur i gcomórtas le mic léinn eile de chuid DCU chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hollscoile ag ócáid HEInnovate sa Bhruiséil. Bhí an chomhdháil dírithe ar fhorbairt a dhéanamh ar fhiontraíocht agus nuálaíocht sna hinstitiúidí oideachais timpeall na hEorpa, ábhar a bhfuil suim mhór agam ann. Chuir Emer m’ainm ar aghaidh chuig an OECD agus Coimisiúin na hEorpa, in éineacht le cúpla mac léinn eile de chuid DCU a rinne iarratas chomh maith. Roghnaigh an OECD agus Coimisiúin na hEorpa mise chun freastal ar an ócáid sa Bhruiséil ar an 26 Feabhra! Bhí mé ar dhuine de na 30 mac léinn ó gach cúinne den Eoraip a bheadh ag glacadh páirt sa haiceatón.

Ní raibh aon taithí agam ar pháirt a ghlacadh i gcomhdháil cosúil leis seo roimhe, mar sin ní raibh cliú dá laghad agam cad a bheadh ar siúl agam. Thuig mé go mbeinn páirteach i haiceatón dírithe ar fhiontraíocht agus nuálaíocht a fhorbairt sna hinstitiúidí oideachais. Seachas an easpa tuisceana seo, bhí mé ag tnúth go mór leis an ócáid!

Nuair a bhí mé ag pacáil mo bhagáiste an lá sular thaistil mé, níor thuig mé cé chomh fada a bheinn sa Bhruiséil… De ghnáth bíonn an iomarca éadaí pacáilte agam, ach an uair seo bhí mé ullmhaithe do na trí lá sa Bhruiséil. Bhuel, níor shíl mé go mbeinn sáinnithe sa Bhrúiseal ar feadh seachtaine!

Nuair a shroich muid an Bhruiséil, bhuail mé leis na mic leinn eile as Éirinn. Sheiceáil mé isteach i mo sheomra agus bhuail mé le Chris a bhí ag déanamh ionadaíochta ar DKIT. Bhí dinnéar eagraithe leis na mic léinn eile ón Eoraip agus cuireadh muid i bhfoirne seisear. Phléigh muid agus d’aithin muid na fadbhanna agus na deiseanna atá againn chun forbairt a dhéanamh ar fhiontraíocht agus nuálaíocht sna hinstitiúidí oideachais.

An lá dár gcionn, thosaigh an haiceatón agus d’oibrigh muid ar feadh níos mó ná 12 uair an chloig. An phríomhaidhm a bhí againn ná réiteach a fhorbairt ar fhadhb chomónta a bhí ag gach ball dár bhfoireann. Bhí sé iontach suimiúil chun fadbhanna comónta a aithint ó institiúidí oideachais i sé thír éagsúla—Éire, An Phortaingéil, An Iodáil, An Ghearmáin, An Ísiltír agus an Bheilg.

Dhírigh muid ar an easpa tionscadal fíorshaoil agus ar thascanna le taithí phraiticiúil a réiteach. D’aontaigh muid go raibh tionscadail fhicseanúla mí-éifeachtach agus go mbeadh tionscadal fíorshaoil níos fearr. An réiteach a bhí againn ná caidreamh a chruthú idir comhlachtaí agus na hinstitiúidí ionas gur féidir leis na mic léinn tionscadal a dhéanamh ar son na gcomhlachtaí in ionad tionscadal ficseanúil a dhéanamh. D’aontaigh muid chomh maith go mbeadh an obair seo níos spreagúla do na mic léinn agus go mbeidh scileanna praiticiúla á bhforbairt acu. Chuir muid ár gcuid tuairimí in iúl don lucht féachana agus do na moltóirí agus faoi dheireadh bhuaigh ár bhfoireann an duais don fhoireann is fearr sa haiceatón!

Ag an am céanna agus a bhí na cuir i láthair ar siúl Dé Céadaoin, tháinig brat sneachta síos ar oirthear na hÉireann. Cuireadh ár n-eitilt ar ceal agus bhí muid sáinnithe sa Bhruiséil! Lá i ndiaidh lae, chur muid eitilt nua in áirithe agus cuireadh ar ceal iad arís agus arís eile. Níor tháinig mé abhaile go dtí Dé Domhnaigh, ceithre lá níos déanaí ná mar a bhí pleanáilte!

Táithí den scoth a bhí ann ach is gá dom an fhírinne a insint, ní fhillfidh mé ar an mBruiséil go ceann tamaill eile!