Tá bród orainn anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge maidir leis na deiseanna foghlama a chuirimid ar fáil do na mic léinn. Bíonn deis acu tabhairt faoi thascanna nuálaíocha éagsúla, le réimse leathan scileanna a shealbhú. Ní leor an aiste a thuilleadh. An féidir leis an mac léinn físeán gairid a dhéanamh le heolas casta a chur i láthair? Cad faoi chur i láthair do bhuíon mór strainséirí? Cad faoi a bheith ag comhoibriú le mic léinn ó dhisciplíní agus ó thíortha eile, agus a tógadh le teangacha eile seachas Béarla ná Gaeilge? Cad faoin strus nuair nach féidir leat filleadh ar an mbaile ar feadh ceithre lá mar gheall ar stoirm sneachta sa bhaile nach bhfacthas le breis agus 30 bliain? Níl sé sin ar shiollabas na céime ach sin go díreach a tharla do Karl Preston nuair a bhuaigh sé áit mar ionadaí DCU sa haiceatón ar nuálaíocht san oideachas tríú leibhéil sa Bhruiséil ag deireadh mhí Feabhra.

Bímse ag obair ar son DCU le HEInnovate, comhthionscadal ag Coimisiún na hEorpa agus an OECD le forbairt a dhéanamh ar an nuálaíocht agus ar an bhfiontraíocht san ardoideachas in Aontas na hEorpa. Tá HEInnovate an-tógtha leis na deiseanna a thugann DCU do mhic léinn agus don fhoireann a bheith nuálaíoch agus fiontraíoch, tríd an tacaíocht a chuireann an ollscoil ar fáil trí leithéidí DCU Invent, DCU Alpha Campus agus an DCU Ryan Academy. Is maith leo freisin an bhéim a chuirimid ar an nuálaíocht a shníomh isteach sa ghnáththaithí foghlama a bhíonn ag mic léinn bhunchéime.

Ach ní minic a thugtar fóram ná ardán do mhic léinn a dtuairimí féin a chur in iúl go hidirnáisiúnta. Chuige sin, bheartaíomar gurbh fhiú cuireadh a thabhairt do mhic léinn ó mhórchuid de bhallstáit an Aontais páirt a ghlacadh i haiceatón ag an gcomhdháil a tionóladh mí Feabhra 2018 sa Bhruiséil. Is éard atá i haiceatón ná ócáid ina dtagann buíon daoine le chéile le hoibriú le chéile go dian ar feadh lá nó dhó ar cheist ar leith a réiteach. A fhad is a bhíomarna ag roinnt ár ndea-chleachtais ar a chéile, bhí 30 mac léinn ó 19 ballstát ag obair le chéile ar na ceisteanna seo a leanas: Cad ba mhaith libh a fhoghlaim agus cén chaoi? Dá mbeadh sibh i bhfeighil ar an gcóras ardoideachais, céard iad na hathruithe a dhéanfadh sibh?

Emer in éineacht leis na mic léinn

Ar an dara lá den chomhdháil bhí ar gach grúpa idirnáisiúnta agus idirdhisciplíneach a dtuairimí agus a n-idéanna a chur inár láthair. Ní minic a bhíonn deis ag mic léinn cluas éisteachta a fháil óna leithéid de réimse leathan idirnáisiúnta de cheannairí in ardoideachas agus i ndearadh polasaí. I measc na n-idéanna a bhí ag mic léinn bhí: troscán i seomraí ranga a athrú le tacú le comhobair; tionscadail a dhéanamh d’eagraíochtaí seachtracha; léachtóirí a bheith ina meantóirí ag mic léinn; scileanna soch-mhothúchánacha a fhorbairt; spás agus am a chur ar fáil don triail agus don teip; tionscadail idir-institiúideacha a dhéanamh.

Is maith liom go bhfuil an deis ag Karl cheana féin taithí a fháil ar chuid de na modhanna foghlama sin a moladh sa Bhruiséil. Sa mhodúl Bunú Fiontair ar an BA Gnó agus Gaeilge, tá sé ag obair lena chara Cathal Ó Ceallaigh ar tháirge nua a fhorbairt agus a thástáil sa mhargadh. Bíonn air obair a dhéanamh le go leor daoine éagsúla lasmuigh den ollscoil; tá go leor den triail agus an teip i gceist, tá go leor áthais agus díomá i gceist de réir mar a thiteann rudaí amach! Tá an chosúlacht air go bhfuil DCU chun cinn ar chuid de na hollscoileanna eile ónar tháinig mic léinn eile a ghlac páirt sa haiceatón!

Tá breis eolais ar HEInnovate ar fáil anseo.