Tá bliain iontach gnóthach faoi lán seoil ag Cumann Gaelach DCU le níos mó ná 300 ball i mbliana. Cuireadh tús breá leis an mbliain le coiste nua tofa ag an gcruinniú cinn bhliana agus ó shin tá an-chuid oibre déanta acu uilig. Chun fáilte a chuir roimh na baill nua bhí ár bPop-Up Gaeltacht féin againn i Nubar i Meán Fómhair agus cóisir phíotsa an mhaidin ina dhiaidh le cabhrú leis an bpóit.

Ó shin i leith bhí clár imeachtaí lán againn. Gach seachtain bíonn Tae agus Plé ar siúl am lóin ar an Máirt sa Seomra Caidrimh ar Champas Phádraig. Chomh maith leis sin, bíonn Club Comhrá againn Déardaoin sa LangCulture Space ar champas Ghlas Naíon. Bíonn tae, brioscaí agus neart cainte ar feadh uaire. Bíonn fáilte roimh chuile dhuine ann idir ghlantosaitheoirí agus chainteoirí líofa. Is deis iontach é do chuid Gaeilge a úsáid agus bualadh le daoine i suíomh neamhfhoirmiúil réchúiseach.

I mí Dheireadh Fómhair ghlac baill den chumann páirt in Comhrá ’17. Bhailigh siad le chéile i dteach Áine agus d’fhan siad ina suí ar feadh na hoíche ag caint agus ag comhrá lena chéile fad is a bhí siad beo ar líne. Bhí an-chraic acu agus an t-ádh leo go raibh léachtaí ar ceal an lá dár gcionn de bharr stoirm Ophelia!

I gcomhpáirt le hAontas na Mac Léinn agus an tOifigeach Gaeilge bhí sraith ranganna ióga sa Seomra Caidrimh le Jenny Ní Ruiséil. B’iontach an deis do scíth a ligint agus aclaíocht a dhéanamh i ndiaidh lae gnóthaigh.

Ba é buaicphointe na bliana go dtí seo ná turas chuig an Oireachtas. Le linn na seachtaine léitheoireachta chuaigh thart ar chaoga ball síos go Cill Airne don fhéile bhliantúil. Bhí spórt agus spraoi thar insint scéil acu idir Oíche na Mac Léinn leis na Cumainn Ghaelacha ó na hOllscoileanna eile agus cóisir mhór sa Chlub ar an Satharn. Bhí póit ar níos mó ná duine amháin ar an mbus abhaile.

Bhí gach duine ar ais ar a seanléim le haghaidh Gaeilge24 an tseachtain ina dhiaidh sin. Bhí lá gnóthach idir an dá champas ar feadh an lae idir DCUfm Takeover, balla Gaeilge, Tae agus Plé, club comhrá agus oíche ag féachaint ar chluiche sacair le cannaí. De bharr na n-imeachtaí iontacha a bhí ar siúl don lá, bronnadh Cumann na Seachtaine ar an gCumann Gaelach an tseachtain sin.

Roimh an Nollaig bhí an chéad oíche scannánaíochta ar siúl. Young Offenders a bhí á thaispeáint agus bhí go leor treats agus píotsa ann. Leanadh leis an traidisiún chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá San Vailintín sa dara seimeastar freisin.

Le seoladh Bliain na Gaeilge bhí buzz iontach sa chumann tar éis na Nollag. Cuireadh tús leis na ranganna ar an dá champas. Bíonn ranganna seachtainiúla do ghlantosaitheoirí ar champas Ghlas Naíon agus cinn dírithe ar an scrúdú cainte ar Champas Phádraig.

Cuireadh an-bhéim i mbliana ar na meáin shóisialta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí feachtas SnapChat ag tús na bliana le Takeover leis an gcoiste. Gach lá bhí duine i gceannas ar an gcuntas agus bhí orthu iad féin a chur in aithne. Sár-snapadóirí a bhí ann idir vlagadóirí agus blagadóirí. Roimh an Nollaig bhí 12 lá Nollag againn ar Facebook agus focal an lae á scaipeadh ann freisin. Chun comhaireamh síos go Lá San Vailintín, bhí Madraí na nGael ar Instagram. Gach lá ar feadh 10 lá bhí madra éigean gleoite ag lorg grá.

Tá an phleanáil tosaithe anois do Viva la Gaeilge, do Sheachtain na Gaeilge 2018 agus BEO, an mórshiúl ar son na teanga atá ar siúl ar an 3 Márta. Tá go leor imeachtaí ar siúl sna seachtainí romhainn roimh dheireadh na bliana idir ranganna Zumba Gaelacha, aoi-chainteoirí spéisiúla, turas chuig an bPop-Up sa chathair agus go leor leor eile.