Breathnaím ort
do pheann i do lámh
sárobair ar siúl agat
ach níl muinín agat i d’ábaltacht
Breathnaím ar an eala
chomh hálainn ar do loch
léimim isteach, is lios osnádúrtha é
agus tá saoirse againn ann
Níl buairt ar bith ann
níl ann ach áilleacht ’s gliondar
agus táimid le chéile
saor ón ngnáthshaol
Tá an eala fós ann
ach táimid imithe
tá an pictiúr i gcrích agat
’s níl agam ach an tsamhail