Sliocht as Fadó Riamh: Ag an Tús. Cnuasach de scéalta miotaseolaíochta é seo atá curtha in oiriúint d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ag Áine Ní Ghlinn. Baineann na scéalta sa chnuasach seo le cruthú an domhain. Bronnadh duais Oireachtais ar an gcnuasach seo i 2017 agus déanfaidh LeabhairCOMHAR é a fhoilsiú i 2018.

Ag an tús ní raibh ach fiántas folamh, fiántas a raibh na Sinsir ina gcodladh thíos faoi.

Nuair a dhúisigh na Sinsir cuireadh tús le Tréimhse na mBrionglóidí. Le linn na tréimhse seo thosaigh na Sinsir ag siúl tríd an bhfiántas agus iad ag canadh is ag ceol.

Chan siad amhrán na gcrann. Leis sin, thosaigh crainn ag fás ar fud na háite.

Chan siad amhrán na nduilleog agus thosaigh duilleoga áille, glasa ag fás ar na crainn.

Chan siad amhrán an fhéir agus na mbláthanna agus thosaigh féar glas agus bláthanna áille ildaite ag fás.

Chan siad amhrán na gaoithe agus thosaigh an ghaoth ag crónán agus ag siosarnach sna crainn.

Chan siad amhrán na gcnoc agus na sléibhte, amhrán na farraige agus na n-aibhneacha. Leis na hamhráin seo d’athraigh an tírdhreach.

Chruthaigh na Sinsir sléibhte is gleannta. Chruthaigh siad aibhneacha glóracha ag rith tríothu.

Chan siad amhrán na scamall is na spéire agus láithreach bonn bhí spéir ghorm le feiceáil os cionn an Domhain agus scamaill bhána ar snámh inti.

Lean na Sinsir orthu ag siúl agus áilleacht de gach sórt á cruthú acu lena gcuid ceoil.

Chruthaigh siad cloch is carraig. Chruthaigh siad grian agus gealach. Chruthaigh siad lá agus oíche. Chruthaigh siad tintreach agus toirneach. Chruthaigh siad an bháisteach agus an bogha báistí. Chruthaigh siad na séasúir agus na stoirmeacha.

Lean siad orthu ag canadh agus ag cruthú.

Níorbh fhada go raibh an Domhan ag cur thar maoil le dathanna an dúlra, le dathanna an cheoil.

Thosaigh na Sinsir ar amhrán nua ansin, amhrán na beatha. Chan siad amhrán na n-éan agus na n-ainmhithe agus líon siad an Domhan le hainmhithe agus le héin de gach sórt. Shéid siad anáil na beatha isteach iontu agus scaip ar fud an Domhain iad.

Ní raibh fágtha ar deireadh ach amhrán amháin eile. Thosaigh na Sinsir i mbun ceoil arís. Bhí an t-amhrán seo níos binne agus níos cumhachtaí ná aon amhrán eile a chuaigh roimhe. Agus iad i mbun ceoil bhailigh na Sinsir clocha agus cré ó thalamh an Domhain. Thosaigh siad ag meascadh agus ag múnlú, ag fuineadh agus ag fáisceadh. Leis an amhrán deireanach seo chruthaigh na Sinsir daoine.

Shéid siad anáil na beatha isteach sna daoine seo. Ansin mhúin siad dóibh conas maireachtáil ar an Domhan. Mhúin siad dóibh conas aire a thabhairt don talamh. Mhúin siad dóibh conas an talamh a bhriseadh agus a threabhadh. Chan siad amhrán na síolta agus mhúin siad do na daoine conas na síolta a chur agus bia a fhás.

Nuair a bhí an t-eolas sin ar fad ag na daoine tháinig deireadh le ceol na Sinsear. Chuaigh cuid de na Sinsir ar ais ina gcodladh faoin talamh. Chuaigh cuid acu suas in airde i dtreo na spéire agus i dtreo na bhflaitheas.

Tá cuid de na cosáin a shiúil na Sinsir fós le feiceáil ar fud an Domhain. Cosáin an cheoil nó cosáin na n-amhrán a thugtar orthu. Cosáin spioradálta iad agus ó am go chéile, leanann bundúchasaigh na hAstráile cosáin seo an cheoil agus déanann siad ceiliúradh ar Thréimhse na mBrionglóidí.