Admhóidh mé é sin—bhíothas ar bís! Sheol an tUas. Joe McHugh TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin, an tionscadal Fáilte ar Líne agus Irish 101 thar ceann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir na bliana seo.

Seachtain ina dhiaidh sin cuireadh tús leis an gcéad ollchúrsa oscailte ar líne faoin nGaeilge agus faoi chultúr na hÉireann—Irish 101: An introduction to Irish Language and Culture ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an ardán FutureLearn. Chláraigh os cionn 10 míle duine ar an gcúrsa ó 135 tír! Cé a chreid go mbeadh an oiread sin daoine timpeall na cruinne ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoinár dteanga agus ár gcultúr? Mhair an cúrsa ar feadh trí seachtaine. Is í an chéad chéim í Irish 101 i dtionscadal níos fadtéarmaí atá ag an ollscoil, is é sin céim sa Ghaeilge a chur ar fáil ar líne. I mbliana, áfach, beimid ag seoladh cúrsaí dírithe ar ghlantosaitheoirí amháin tríd an ardán FutureLearn, díreach ar an dóigh chéanna le Irish 101. Beidh an chéad cheann eile, Irish 102 ag tosú ar an 26 Márta. Chomh maith leis sin rithfidh Irish 101 arís agus arís eile le linn na bliana!

Is léiriú é an tionscadal ar an gcomhoibriú idirdhisciplíneach atá san ollscoil. Is múnla uathúil teagaisc atá in úsáid. Is é sin an fhoghlaim dhigiteach agus múineadh na Gaeilge agus cultúir mar theanga agus ábhar beo ar líne. Tá an tionscadal á chur chun cinn le tacaíocht ó DCU agus maoiniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón gCrannchur Náisiúnta. Is comhthionscadal de chuid Fiontar agus Scoil na Gaeilge agus an Institiúid Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach é.

Irish 102

Dearadh an tionscadal le deis a thabhairt don diaspóra Éireannach ar fud an domhain tabhairt faoi chúrsa Gaeilge agus cultúr ar líne. Tá an tionscadal an—oiriúnach don phobal Éireannach—nua fosta agus do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil agus a bhfuil fonn orthu filleadh ar staidéar a dhéanamh arís uirthi. Is deis iontach é do dhaoine athnascadh a dhéanamh leis an teanga agus leis an gcultúr ar bhealach a cheadaíonn dóibh tabhairt faoi ar a luas féin, in ainneoin laincisí ama nó suímh. Saoirse san fhoghlaim ach, le tacaíocht ó phobal foghlama an chúrsa chomh maith le foireann teagascóirí atá ar fáil le bainistiú a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí agus le míniúchán a thabhairt. Tá feicthe againn anois ón gcead timthriall de Irish 101 go bhfuil meascán d’fhoghlaimeoirí ann agus go bhfuil cúiseanna éagsúla acu le tabhairt faoin gcúrsa sa chéad áit. Ní mithid dúinn tuisicint a bheith againn ar na fáthanna sin riachtanais na bhfoghlaimeoirí a thuiscint i gceart agus iad ag tosú amach ar an bhfoghlaim:

I love everything Irish and I hope to learn at least a few everyday expressions and grammar basics! Let's see…

My great-great grandmother was from Cork, so assuming she spoke Irish, it looks like she might have spoken the Munster dialect! I've already learnt something interesting.

I'm happy to take this opportunity to start this course today. I'm from Japan and visited Ireland a long time ago …The Emerald Isle and its culture have always been my great interest but I couldn't find anywhere to learn about them especially after coming back to my country. Although the Irish language is a total alien to me, I'd like to try as much as I can.

Is léir go bhfuil daoine gríosaithe leis an nGaeilge a fhoghlaim agus go bhfuil dlúthshuim acu sa teanga agus sa chultúr. Dá dheasca seo, creidimid go mbeidh na foghlaimeoirí ag iarraidh teacht ar chuairt chuig an tír agus go dtí na Gaeltachtaí go háirithe! Tá súil agam go ndéanann siad amhlaidh agus go mbeimid in ann fáilte chroíúil a chur rompu.

Tuilleadh eolais le fáil ón Ollamh Comhlach An Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl, Stiúrthóir Fáilte ar Líne, (mairead.nicgiollamhichil@dcu.ie).