An tuar ceatha.
Ag bun an tuair cheatha,
Bíonn grá agus dóchas ann, le chéile.
Bíonn tú i do shuí ann, gach lá,
ag miongháire
…mar is gnách.  

Mo ghrá,
braithim uaim go mór thú
Ar an lá sin, dhorchaigh an spéir os mo chionn.
Ach, ó shin, nuair a bhíonn uaigneas orm,
Féachaim sa spéir agus beidh tú ann,  

Sa tuar ceatha.