An mbeidh an t-ádh liom an geábh seo?
an bhfanfaidh cúrsaí mar atá?
nó an athróidh an tslat seo
mo shaolsa go brách?  

An bhfágfaidh mé an seomra
le meáchan ag eitilt ó mo ghuaillí?
nó an bhfanfaidh mé faoi ghlas ann
ciaptha ag faitíos agus imní?  

An ngabhfaidh mé amach anocht
ag ceiliúradh le cairde?
nó an bplúchfaidh mé an toradh
le huisce fiuchta agus vadca?  

Guím chun na bhFlaitheas
le cloigeann idir lámha
go scaoilfidh Dia liom an uair seo
agus nach mbronnfar orm páiste.  

Geallaim go smior
agus mé ar shuíochán an leithris
a bheith níos ciallmhaire sa todhchaí
agus gan a bheith leithleach.  

Ní ghabhfaidh mé sa tseans arís
agus glacfaidh mé freagracht
má bheannaítear anois orm
an t-ádh dearg.  

Buaiteoir

Filíocht