Tá an scáth fuar,
mioscaiseach agus cliste,
mé sáinnithe,
mo chorp casta
agus srianta,
cosúil le leanbh gan chor.  

D’fhág siad,
na daoine a thug aire dom.
Níl mé ábalta aon rud a fheiceáil,
Ach an scáth,
Dúnaim mo shúile,
Ach fós, tá sé ann.