Faoi choiscéim den teach
tiomáineann carr geal faoi dheifir.
Ní fhaca mé ag teacht é,
ach baineadh croitheadh as an talún.
Téim síos ar mo ghlúine
i mo chroí istigh.  

An giorria a mhaireann i m’intinn,
soiprithe ina cóta tiubh agus
sábháilte ina súile lonracha,
scaoileann sí saor agus ritheann sí tharam.  

Crónaíonn sí, bolaíonn sí mo chorp,
breathnaíonn sí suas, múnann sí
agus bogann sí ar aghaidh.  

Athbheirthe isteach i m’fhionnadh
donnrua te agus mo chosa láidre.  

Giorria sléibhe, giorria bán,
giorria Éireannach, giorria gorm,
anam fuadrach amháin.  

Anáil ghiorria, lámh ar na heasnacha
ag fanacht go socair, cosa in airde trí ghuairneán
cuilithe de thím chreige, clab chumhra agus aiteann.