Le fada tá argóint déanta ag daoine áirithe gur teanga sheanfhaiseanta as dáta í an Ghaeilge. Chun tacaíocht a thabhairt don argóint sin is minic a luaitear leithéidí Peig Sayers, ainm nach bhfuil fiú cloiste ag an gcuid is mó den aos óg. A mhalairt ar fad atá fíor, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart sa ré úr teicneolaíochta atá ar siúl faoi láthair. Tá sí ag freastal ar chainteoirí dúchais agus ar fhoghlaimeoirí chomh maith.

Anseo tá liosta de 10 rud atá ar fáil ar líne le taispeáint go bhfuil an Ghaeilge nua-aimseartha agus faiseanta sa lá atá inniu ann.

Is é an chéad rud ná an podchraoladh Motherfoclóir. Inniu tá podchraoltaí ar fáil i ngach áit, ar gach topaic, i mbeagnach gach teanga. Is i mBéarla atá an ceann áirithe seo ach is í an Ghaeilge an t-ábhar atá á phlé ann. Le Darach Ó Séaghda, @theirishfor, atá sé. Agus é ag cur síos air, deir sé gur ‘gateway drug to Irish’ atá ann. Oireann sé don fhoghlaimeoir, don chainteoir dúchais agus don té nach bhfuil ach suim aige i gcúrsaí teangeolaíochta.

Is é an dara rud ná podchraoladh eile; Beo ar Éigean (BAE). Is é seo an chéad phodchraoladh lán-Ghaeilge ó RTÉ. Triúr ban óg ó RTÉ atá i gceannas ar an gceann seo. Is ar an té atá líofa (nó a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu ar aon nós) atá an ceann seo dírithe. Pléitear rudaí a thaitníonn leo, cúrsaí saoil agus gach gné den saol nua-aimseartha. Tá spraoi agus craic ag baint leis. Podchraoladh deas réchúiseach neamhfhoirmiúil atá sa cheann seo. Ag cur síos air, dúirt Siún Ní Dhuinn, duine de na triúr láithreoirí, go ndéanann siad iarracht cúrsaí teanga a sheachaint.

Tá na Gaeil beo ar Snapchat chomh maith. Tá sár-iarracht déanta ag TG4 ar na meáin shóisialta. Tá beirt láithreoirí iontacha acu idir Chaitlín Nic Aoidh agus Mhicheál Ó Ciaraidh atá lán le fuinneamh agus spraoi ar an gcuntas Snapchat. Is fiú go mór iad a leanúint (tg4tv).

Tá go leor vlagadóirí Gaelacha ar Snapchat chomh maith, @caoimhechats ina measc. Iriseoir físe le meoneile.ie atá ag cur fúithi i mBéal Feirste, bíonn sí i gcónaí feiceálach ar na méain. Freastalaíonn sí ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí dúchais idir óg agus aosta. Tá vlag aici ar YouTube chomh maith a bhfuil an t-ainm céanna air. Agus anuas air sin, tá sí páirteach sa chainéal YouTube, TusaTube. Cúrsaí saoil a bhíonn á vlagáil aici ar na gréasáin uilig, agus gach rud go hiomlán trí Ghaeilge. Ach bíonn fotheidil Bhéarla ar na Snaps chun freastal ar na foghlaimeoirí.

Agus muid leathbhealach tríd an liosta, ba chóir dom aird a tharraingt ar aipeanna Gaeilge atá ar fáil. Cúpla mí ó shin seoladh aip darb ainm Loinnir. Tinder na nGael a thug neart daoine air. Bhunaigh Dónal Ó Catháin agus Edmond Ó Floinn é tar éis Haiceatóin i UCD. Agus é faoi agallamh ag an Oireachtas dúirt Dónal gur ‘meascán de Tinder agus myTaxi é.’ Is é an aidhm atá leis ná gréasán na nGael a chruthú agus chun é a dhéanamh níos éasca teacht le chéile le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu. Tá sé ar fáil ar Android faoi láthair saor in aisce.

Aip eile atá ag freastal ar fhoghlaimeoirí Gaeilge timpeall an domhain ná Duolingo. Is féidir go leor leor teangacha a fhoghlaim ar an aip idirghníomhach seo. Ach tá an-tóir ar an nGaeilge. Tá níos mó ná 2 mhilliún duine ag foghlaim na Gaeilge ar an aip, níos mó ná leathchuid acu sin thall sna Stáit Aontaithe.

Is gréasán domhanda iad na Gaeil. Tá an grúpa Gaeilge Amháin ar Facebook iontach chun iad uilig a thabhairt le chéile. Is féidir le daoine, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí dúchais, ceisteanna a chur ar a chéile agus smaointe a scaipeadh eatarthu ann. Tá fáilte roimh gach duine bheith páirteach ann. Is é an t-aon choinníoll atá ann ná go mbíonn ort an Ghaeilge a úsáid agus an Ghaeilge amháin.

Is réimse iontach mór de na meáin faoi láthair iad na blaganna. Bíonn blagadóirí de gach aon saghas ann, blagadóirí Gaeilge ina measc. Is é an chéad bhlag atá le clúdach anseo ná Gaeilge le Glam. Blag faisin atá ann bunaithe ag ceathrar múinteoirí Gaeilge ó Ghaillimh. Bíonn cúrsaí stíle agus faisin i measc na n-ábhar a bhíonn á bplé acu. Bíonn siad gníomhach ar na meáin shóisialta chomh maith, ar an gcuntas Snapchat go háirithe.

Is é an chéad bhlag eile atá ar fáil ná ceann dátheangach le hUrsula Savage dar teideal, ‘Ag smaoineamh os ard’, oiriúnach don fhoghlaimeoir os rud é go bhfuil cuid den ábhar as Béarla. Ní hé go mbíonn gach uile rud aistrithe ó Ghaeilge go Béarla nó a mhalairt. Uaireanta bíonn sí ag scríobh as Béarla, uaireanta eile is as Gaeilge a bhíonn sé.

Ar an dóigh chéanna, is blag dátheangach an ceann deireanach: ‘As an Nua’ le Siún Ní Dhuinn (as Beo ar Éigean). Is as Gaeilge a bhíonn an t-ábhar cuid den am, amanna eile as Béarla a bhíonn sé. Bíonn gach réimse ó stíl agus faisean go feimineachas agus leabhair agus ealaíona pléite ann.

Mar sin is féidir a rá go bhfuil an Ghaeilge beo sa 21ú hAois, ní hamháin i gClub an Chonartha nó ag an Oireachtas nó ar Raidió na Gaeltacha, ach ar líne, ar na meáin shóisialta agus i ré na teicneolaíochta freisin.

Comhbhuaiteoir

Iriseoireacht