Bhí ainmhithe sa zú ag ligean a scíthe. Bhí an leon ina chodladh faoin gcrann mór. Bhí na moncaithe ina luí sna crainn agus brionglóidí deasa acu. Bhí na piongainí ag snámh go leisciúil sa loch. Istigh i gclós na n-eilifintí, áfach, bhí ainmhí ann nach raibh sásta ar chor ar bith.

“Ní maith liomsa dul a chodladh,” arsa an eilifint bheag. ‘B’fhearr liomsa a bheith ag súgradh!”

Ach ní raibh aon eilifint bheag eile sa zú. Ní raibh duine ar bith ann chun súgradh léi. Bhí na heilifintí móra ina seasamh sa chúinne le chéile in aice an bhalla agus iad ina suan codlata. An eilifint bheag bhocht! Bhí leadrán uafásach uirthi. Eilifint éirimiúil a bhí inti, áfach, agus bhí plean aici.

Chomh ciúin le luch, shiúil sí ar a barraicíní suas ar dhroim a máthar. Bhí eagla uirthi nuair a d’fhéach sí síos ach dhún sí a súile. Léim sí! Suas… suas… thar an mballa agus le tiomp—síos ar an talamh. Nach raibh an eilifint sásta ansin! Ar aghaidh léi ag siúl agus cuma an-sásta uirthi.

Tar éis tamaill, bhuail sí le buachaill óg a bhí ina sheasamh ag féachaint ar an leon. Bhí sé ag ithe uachtar reoite buí faoi bhlas banana. Daithí darb ainm don bhuachaill sin agus bhí ionadh air an eilifint a fheiceáil.

“A Eilifint!” a dúirt sé. “An bhfuil tú ar strae?”

Bhí an eilifint an-tógtha le huachtar reoite Dhaithí. Bhí ocras uirthi. Rug sí ar an uachtar reoite agus d’ith sí go tapaidh é. GLUUMPP! Ó, bhí sé fuar! Ó, bhí sé milis! Thaitin sé go mór léi.

Lean sí ar aghaidh ag siúl. Bhí daoine ina seasamh i líne ag fanacht ar bhus. Sheas an eilifint bheag sa líne leo agus tar éis cúpla nóiméad, tháinig an bus.

“Ní fhaca mé riamh eilifint ar bhus!” arsa seanbhean áirithe ag deasú a cuid spéaclaí ar a srón.

Shuigh an eilifint in aice le cailín óg. Cad a bhí ina lámh aici ach uachtar reoite! Uachtar reoite oráiste an uair seo. GLUMMP! Ó, bhí sé fuar! Ó, bhí sé milis! Thaitin an t-uachtar reoite oráiste go mór léi. Thosaigh an cailín ag caoineadh agus dheifrigh an eilifint ón mbus.

Bhí buachaillí ag imirt peile sa pháirc in aice le stad an bhus.

“Is aoibhinn liom a bheith ag súgradh le liathróidí!” arsa an eilifint bheag.

Rug sí ar an liathróid agus thosaigh sí ag rith chomh tapa is a bhí sí in ann go dtí an taobh eile den pháirc. Thosaigh na buachaillí ag fiach i ndiaidh na heilifinte ach bhí sí níos tapúla.

“Cúl!” a bhéic sí go gaisciúil.

“Cúl!” a bhéic leath de na buachaillí agus iad ag bualadh bosa go gliondrach.

Thaitin peil go mór leis an eilifint. Ach ní raibh áthas ar na buachaillí go léir.

“Tabhair dom an liathróid!” arsa an fhoireann eile. “Níl cead agat rudaí a ghoid!”

Bhí cuma fheargach orthu agus tháinig eagla ar an eilifint bheag. Chas sí timpeall agus rith sí léi.

Bhí tuirse uirthi anois agus bhí sí stiúgtha leis an ocras. Ní raibh a fhios aici cén áit a raibh sí. Thosaigh sí ag caoineadh.

“Tá mo Mhamaí uaim,” arsa an eilifint bhocht.

Go tobann, chuala sí torann a d’aithin sí.

HRMPPPPPPHHH! HRMPPPPPHHHH!

D’aithin sí an glór sin.

“A Mhamaí!” a ghlaoigh sí. “Tá mé ag teacht!”

HRMMPPPHHHHH! HRMMPPPHHHH!

Rith sí i dtreo an torainn! Ar ais… ar ais… ar ais go dtí an zú.

Bhí ionadh ar choimeádaí an zú nuair a chonaic sé an eilifint bheag ina seasamh i líne chun dul isteach sa zú.

“An ndeachaigh tú ar strae?” a d’fhiafraigh sé di. “Bhí do Mhamaí bhocht buartha fút!”

Lig Mamaí Eilifint osna faoisimh aisti nuair a bhí an eilifint bheag ar ais sa chlós léi. Bhí an eilifint bheag sona sásta an oíche sin chun dul a chodladh.

Buaiteoir

Scéal do pháistí