Is go bog agus go héadrom a thagann siad
ag glioscarnach mar a bheadh líontán seaca dhamháin alla  

Ní mhaireann siad ach seal ach is cuma sin le daoine
baineann siad áthas agus iontas as tréimhse ghearr ina dtimpeall  

Imíonn siad i léig nuair a bhuaileann siad an talamh
locháin bhídeacha uisce cruthaithe gan chás ná cathú  

Ní radharc iad a fheictear go forleathan nó go minic
ach in ealaín pháistí bunscoile bunaithe ar an ngeimhreadh…  

Sin is ‘calóg shneachta’ ann ar deireadh
ní duine óg le hoideachas a fuair an deis a mbuanna a chleachtadh
atá ag freastal ar an ollscoil agus ag obair go páirt-aimseartha ag an deireadh seachtaine  

agus ag déanamh a seacht ndíchill saoirse a chruthú do Mhama agus Deaide
cé go bhfuil siad go mór ag sracadh agus ag streachailt
le domhan atá éiginnte agus báite i bhféin-íomhá, fadhbanna airgeadais, idirlín,
fostaíochta, tithíochta, sóisialta agus polaitíochta