D’fhéadfá a rá go bhfuil an t-ádh orm. Cónaím cóngarach go leor do Bhaile Átha Cliath gur féidir liom fanacht sa bhaile le mo theaghlach. Ní chaithfidh mé íoc as cíos agus ní chaithfidh mé mo dhinnéar féin a dhéanamh chuile oíche tar éis lá fada de léachtaí ollscoile. Tá mo sheomra féin agam le leaba dhúbailte nach gcaithfidh mé a roinnt le héinne. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil buntáiste mór agam a bheith i mo chomaitéir. Ach ní mar a shíltear a bhítear mar a déarfá, agus is iomaí deacracht a bhíonn ag comaitéirí na laethanta seo, dar liomsa ar aon nós:

Ag dul amach

Rud mór atá difriúil i saol comaitéara ná oícheanta amuigh. Bíonn sé amscaí scaití. Ní féidir cinneadh a dhéanamh ag an nóiméad deireanach go rachaidh tú amach. Caithfidh chuile rud a bheith pleanáilte roimh ré. I dtús báire, an bhfaighfidh tú an ‘nightlink’ abhaile nó an socróidh tú fanacht le do chairde? Níos sábháilte fanacht leis na daoine a dtéann tú amach leo cinnte. Go breá, beidh ort ceist a chur orthu (arís—caithfidh go bhfuil siad bréan díot ag fanacht thar oíche faoin tráth seo!). Ok, so anois beidh ort do chuid rudaí go léir a thógáil leat chuig an gcoláiste an lá sin. Smideadh, éadaí, pitseámaí, scuab fiacla… cén fáth nach dtéann siad go léir in aon mhála amháin?! Ok, so trí mhála leat ar an mbus. Níl sé ródhona. Tá cuma an turasóra ort. Iontach. Ach ná déan dearmad an lá dar gcionn, nuair a bheidh ort iarracht a dhéanamh do thrí mhála a fháil ar an mbus abhaile, agus tú ag súil nach mbuailfidh siad an duine in aice leat an iomarca!

Daoine ar an mbus

D’fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos measa agus níor chóir dom a bheith ag gearán faoi na busanna. Bíonn trí bhus ag dul go BÁC trí huaire in aghaidh na huaire ó mo cheantar. Rud nach gcuireann daoine san áireamh, áfach, ná nósanna aisteacha na ndaoine a thógann an bus go rialta; cuirim i gcás daoine a shuíonn in aice leat nuair atá go leor spásanna folmha ann. Tharla sé sin dom le déanaí. Ní raibh ach mé féin agus fear amháin eile ar an mbus nuair a tháinig bean air. Bhí mé ag ceapadh go bpiocfadh sí suíochán in áit a raibh péire suíochán fágtha, rud a dhéanann an gnáthdhuine ar an mbus, mar bhí ar a laghad ocht bpéire suíochán folamh. Níor phioc, áfach. Shiúil sí chuig cúl an bhus agus shuigh sí díreach in aice liom. Bhí sí ag stánadh ar mo mhála ar an suíochán in aice liom agus bhí orm é a bhogadh ón gcathaoir agus chuile rud. Aisteach! Ansin, na daoine a labhraíonn go glórach ar an nguthán. Ní duine iontach fiosrach mé, ach ar an mbus, ní féidir leat gan a bheith ag cúléisteacht i gcomhráite daoine eile mar sin. Shílfeá go bhfuil siad ag iarraidh go gcloisfidh tú. An scannal san obair, céard atá siad chun ordú ón ‘takeaway’ don dinnéar, daoine a chuireann isteach orthu… Cloiseann tú go léir é!

Carr

Mar sin, thosaigh mé ag tiomáint le déanaí. Fuair mé mo charr féin agus d’éirigh liom sa scrúdú tiomána. Foirfe! Cheap mé nach mbeadh aon fhadhb agam leis an aistear a thuilleadh. Ní bheadh orm déileáil le strainséirí ar an mbus, ní bheinn fuar is fliuch ag siúl chuig an gcoláiste, bheinn teolaí istigh i mo charr féin leis an raidió mar chomhluadar dom féin. D’fhéadfá a rá go raibh cúpla deacracht agam…

An chéad cheann ná an aimsir. Déanaim dearmad go mbíonn orm an carr a théamh suas ar maidin má tá sioc nó leac oighir ann. Mar sin, nuair a cheapaim go bhfuil mé réidh le fágáil, caithfidh mé fanacht 10 nóiméad go dtí go bhfuil an leac oighir go léir imithe. Uair amháin, nuair a bhí sé thar a bheith fuar ar maidin, chuir mé an ‘De-Icer’ ar an scáileán. Cheap mé nach raibh sé reoite níos mó agus chuir mé na cuimilteoirí gaothscátha ar siúl chun an scáileán a ghlanadh. Chuaigh siad i bhfostú sa leac oighir agus briseadh ar an bpointe iad. Bhí orm tiomáint sa bháisteach an oíche sin gan iad a bheith ag obair chun iad a fháil deisithe (a chosain 300 euro, go bhfóire Dia orainn!) agus ba é an taithí ba scanrúla a bhí agam le tamall anuas!

Chomh maith leis sin, is deacracht é an trácht i mBaile Átha Cliath. Níor thuig mé cé chomh holc is a bhí sé go dtí gur thosaigh mé ag tiomáint mé féin. Níl a fhios agam cén chaoi a ndéanann mo dhaid é lá i ndiaidh lae! Bheadh orm mo theach a fhágáil ag a 7 chun éalú ón trácht. Agus ní thógann sé ach 30 nóiméad dom tiomáint ó dhoras go doras chuig an gcoláiste gan trácht. D’fhéadfá a bheith ar an M50 ar feadh uair an chloig nó 10 nóiméad, ní féidir leat a bheith ag brath air!

Ansin, nuair a shroicheann tú an coláiste, an chéad dúshlán eile ná an pháirceáil. Caithfidh ceadúnas a bheith agat chun páirceáil ag an gcoláiste. Tá sé sin go breá, ach má tá tú ag teacht isteach níos deireanaí ná a hocht ar maidin, ní bheidh spás fágtha duit. Ansin, is féidir ‘Pay and Display’ a úsáid. Ach ní mhaireann an ticéad ach 3 uair a chloig ar a mhéad. Mar sin, bíonn tú ag rith chuig do charr cúpla uair in aghaidh an lae ag cur airgid isteach sa mheaisín ar thaobhshráid éigin. D’fhéadfá é a fhágáil agus seans nach bhfaighfeá ‘clampáilte’. Ach bheinn róbhuartha a leithéid a dhéanamh. Samhlaigh cúpla céad euro a chaitheamh chun clampa a bhaint as do charr! Tá mé ag cur allais ag smaoineamh air.

Faoi dheireadh thiar, nuair a aimsíonn tú spás, anois is é an dúshlán ná an carr a fháil isteach sa spás. Ní thugtar faoi deara cé chomh caol is a bhíonn na diabhail spásanna sin i mBaile Átha Cliath. Agus tá carr beag bídeach agam. Samhlaigh a leithéid le ‘jeep’. Go bhfóire Dia orainn! Ní féidir liom riamh páirceáil chomhthreomhar a dhéanamh, agus níl sé ar intinn agam triail a bhaint as. Ansin an cinneadh: an carr a aisiompú nó tiomáint díreach isteach. Pé rud a roghnaíonn tú, bíonn tú buartha go mbuailfidh tú an carr in aice leat i gcónaí.

Ansin, ar deireadh, nuair atá tú suite sa spás, nuair nár bhuail tú aon charr eile, is féidir leat an carr a fhágáil agus osna faoisimh a ligean asat féin. Ach i ndiaidh an struis a thóg 15 nóiméad, tá tú déanach don léacht cheana féin. Iontach. Cé go mbím ag gearán, tuigim na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do chónaí i d’aonar nach gcaithfidh mé a bheith buartha fúthu agus tá mé buíoch as gnéithe ar leith de shaol an chomaitéara. Níor mhaith liom ach go mbeidh ionbhá agat don té a chaithfidh taisteal chuig an gcoláiste ar maidin. Seans láidir go bhfuil siad tuirseach!