Ar nós cuid mhór páistí a léann go craosach, nuair a bhí mé óg ba mhian mo chroí é a bheith i mo scríbhneoir nuair a bheinn i mo “dhuine fásta”. Bhí mé faoi gheasa ag domhan draíochtúil na leabhar agus chaith mé tréimhsí éagsúla i mbun pinn ag iarraidh a bheith i mo C.S. Lewis, nó i m’Enid Blyton, nó i mo Louisa May Alcott. Chaithinn turais fhada sa charr ag insint scéalta ciorclacha nach raibh deireadh leo do mo dheirfiúr bheag fhadfhulangach. Agus chaith mé tréimhse eile agus mé ocht mbliana d’aois ag scríobh dánta seafóideacha faoi mo mhadadh agus mé faoi thionchar shaothar iontach Gabriel Rosenstock. (Níor ghá do Gabriel a bheith buartha fúm mar ba léir nach raibh féith na filíochta ionam—‘Is breá liom Barney thar madadh ar bith eile/Uair amháin rith sé ar shiúl, ach tháinig sé abhaile’—a thiarcais!)

Níos luaithe i mbliana, d’éirigh liom mian mo chroí a bhaint amach nuair a foilsíodh mo chéad saothar do pháistí Scéalta le hInsint don Ghealach: ach le fírinne ní thig liom an chreidiúint uilig a ghlacadh as an chnuasach scéalta seo, mar is athinsintí atá iontu ar scéalta traidisiúnta atá ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Bhunaigh mé formhór na scéalta ar na cuntais a bhailigh páistí scoile sna 1930í mar sin is cuid de thraidisiún fada leanúnach é an saothar seo, is é sin, traidisiún na scéalaíochta in Éirinn.

Bhí cúpla ceist romham agus mé ag tabhairt faoin tsaothar seo a chur le chéile: cad iad na scéalta a ndéanfainn athinsint orthu agus cad é mar a inseoinn iad do lucht léitheoireachta comhaimseartha? Shocraigh mé go mbeadh réimse scéalta sa chnuasach ina raibh carachtair éagsúla: cailleacha agus fathaigh agus gruagaigh agus sióga, chomh maith leis na Fianna, Cú Chulainn agus Iníon Rí Éireann. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh beocht agus fuinneamh sna scéalta, greann agus dialóg agus friotal nua-aimseartha. Léigh mé leaganacha éagsúla de roinnt mhaith scéalta agus roghnaigh mé na píosaí is mó a thaitin liom ar mhaithe le mo scéalta féin, agus ar ndóigh, tá saoirse áirithe ag an athinsteoir, mar sin bhain mé úsáid as mo shamhlaíocht féin chomh maith!

Bhí friotal agus íomhánna iontacha sna scéalta bunaidh. Fionn mac Cumhaill ag cogaint a ordóige ó chraiceann go feoil, ó fheoil go cnámh, ó chnámh go smior agus ó smior go smúsach agus é ag oibriú amach an rud atá ar siúl i mBruíon Chaorthainn; rí atá ag iarraidh go mbeadh scámhóga agus croí an namhad os a chomhair mar dhinnéar nuair a shroichfidh sé an caisleán; troid sa domhan thoir idir beirt fhathach a dhéanann talamh bhog den talamh chrua, agus talamh chrua den talamh bhog agus a tharraingíonn toibreacha fíoruisce ó na clocha glasa le racht catha agus comhraic. Níor athraigh mé oiread na fríde sa fhriotal tharraingteach sin!

Sin uilig ráite, bhí gnéithe eile sna bunscéalta a d’athraigh mé san athinsint. Ní bhíonn mórán gaiscíochta ar siúl ag na mná sna scéalta traidisiúnta, ach ní raibh an banscríbhneoir seo sásta cloí leis an status quo. Rinne mé athinsint ar scéal gaiscíochta ina mbíonn Mac Rí Éireann agus complacht fear de ghnáth, ach i mo scéalsa bhí Iníon Rí Éireann agus a bantracht, Tóin Chrua, Súil-le-Gunna, Cos Lúfar agus Cluas-le-hÉisteacht. Is minic a chríochnaíonn scéalta traidisiúnta le bainis. Cé go bhfaigheann Iníon Rí Éireann prionsa mar luach saothair ag deireadh mo scéilse, socraíonn sí gan pósadh ach dul i mbun gaiscíochta ar fud na cruinne. Má bhí an ghráin ag Cú Chulainn ar na mná i scéal amháin a léigh mé, i mo leagansa, bhí Cú Chulainn de shíor ag maíomh as a chuid gaiscí, agus ní raibh sé sásta le bean an ghabha a thug tús áite do na mná ina cuid scéalta. Cé go bpósann Cóitín Luachra (Cinderella na Gaeilge) an prionsa i mo leagan féin den scéal idirnáisiúnta sin, tugann sí íde béil dó roimh ré cionn is go bhfuil sé dhíomhaoin agus nach bhfuil a chuid seirbhíseach ag fáil tuarastail chothroim uaidh!

Deacracht amháin a bhí agam ná teideal a roghnú don leabhar: cad é mar a aimseoinn teideal oiriúnach do chnuasach scéalta nach raibh ceangal soiléir eatarthu ó thaobh carachtar agus téamaí de? Bhí Scéalta Cois Tine mar theideal sealadach agam, ach bhí mé den bharúil go raibh sé rud beag leamh agus seanaimseartha. Bhí mé ag póirseáil tríd an fhoclóir lá amháin (is cinnte gur aoibhinn beatha an scoláire!) nuair a tháinig mé ar an nath cainte “inis do scéal don ghealach”, rud a chuireann in iúl go bhfuil tú ag insint scéil atá dochreidte. Fuair an íomhá sin greim ar mo shamhlaíocht agus shocraigh mé an teideal Scéalta le hInsint don Ghealach a bhronnadh ar an tsaothar.

Nuair a bhí mo chuidse den obair déanta, bhí mé ag súil go mór leis na profaí a fheiceáil leis na léaráidí leo. Tá mé thar a bheith buíoch den ealaíontóir Olivia Golden a rinne na híomhánna gleoite beoga a chuireann go mór leis na scéalta. Rinne sí éacht i ndáiríre leis na carachtair iontacha, agus go háirithe na dreacha greannmhara, atá cruthaithe aici síos tríd, ag baint úsáide as dathanna spleodracha.

Ar ndóigh, tá an t-alt seo scríofa agam mar dhuine fásta—tá ceisteanna idé-eolaíocha luaite agam maidir le luachanna, friotal agus teachtaireachtaí na scéalta. Ach i ndáiríre, bhí mé ag scríobh don pháiste a bhí ionam fiche bliain ó shin, agus don pháiste atá ionam i gcónaí, atá fós fiosrach faoi scéal dar teideal “An scéal ab fhearr dár insíodh riamh”, atá ag iarraidh a fháil amach cad é mar a tháinig an chéad luch, an chéad chat agus an chéad bhanbh ar an tsaol in aon scéal amháin, atá meallta ag scéal ina bhfásann Conán Maol go leor olla ar a dhroim gach bliain le péire stocaí a chniotáil do gach uile laoch sna Fianna! Ba é C.S. Lewis a dúirt, “A children’s story that can only be enjoyed by children is not a good children’s story in the slightest.” Tá súil agam, mar sin, go mbainfidh gach sórt páiste sult as na scéalta seo, idir óg agus aosta!