Meangadh mór gáire,
agus aoibh shásta air,
ag plobaireacht agus ag glugarnach,
gach éinne faoi gheasa aige,
lámha beaga,
agus craiceann chomh bán le sneachta,
a shúile móra meidhreacha,
is é an t-aingeal seo céad ghrá ár gcroí!